Michael Harrisson
- Fidil
Tá Michael Harrison, ar as Tiobraid Árann dó, agus é ina gharmhac leis an bhfidléir mórchlú, Aggie Whyte, chun tosaigh i measc fidléirí óga na hÉireann. Agus é oilte ag Brendan Larrissey, ón ngrúpa traidisiúnta, Arcady, tá stíl éasca agus shaor-imeachta cothaithe ag Michael atá faoi mhór-thionchar ag traidisiún Oirthear na Gaillimhe.
Is curadh fidléireachta Uile-Éireann é trí uair i gcomórtais faoi aois agus sinsearacha araon. Thaisteal sé go forleathan mórthimpeall an domhain agus é ag tabhairt cuairte ar áiteanna mar an tSeapáin (EXPO), an tSín, an Astráil, an Fhrainc, an Ghearmáin, an tSlóivéin, an Bhreatain agus Meiriceá agus sheinn sé le ceoltóirí mórchlú dála Seán Ó Sé (Ceoltóirí Chualann) agus Brendan McGlinchey. Bhí sé go minic ar an raidió is ar an teilifis – mar shampla ar Geantraí le Gerry “Banjo” O’Connor (Four Men & a Dog), Arty McGlynn agus Ned Kelly.