3 - 6 Deireadh Fómhair 2019

Fáilte go Féile na Sollán 2018!



Tá áthas orainne i Sult na Sollán ár séú fhéile traidisiúnta a chur i láthair. Tá clár imeachtaí iontach againn i mbliana. I rith an deireadh seachtaine beidh seisiúin cheoil oscailte i dtithe tábhairne sna Solláin, seisiún amhránaíochta agus ceardlann amhránaíochta chomh maith le céilí pobail. Beidh ealaíon agus ceardaíocht ann do na daoine óga, ceardlann dhéantúis puipéid do na páistí níos sine, seó puipéad don chlann ar fad agus turas ar bháirse canála. Sampla beag de na himeachtaí a bheidh ar siúl! Táimid cinnte go mbeidh rud éigin taitneamhach ann do gach éinne.

Bíonn go leor de na himeachtaí dátheangach (Gaeilge agus Béarla) . Tugann sé seo deis do gach éinne pé Gaeilge atá acu a úsáid – pé mórán nó beagán atá acu – ba mhaith linn go mbeadh gach éinne san áireamh.

Trathnóna Dé Sathairn, beidh ár bpríomhimeacht againn - ceolchoirm na féile, imeacht a raibh éileamh mór air le blianta beaga anuas (Molaimid ticéid a chur in áirithe gan mhoill i dtreo is nach mbeidh díomá ar éinne). Is iad Fiddle Case, grúpa traidisiúnta as Co. an Chláir, a bheidh mar bhuaicphointe i mbliana le tacaíocht ó Jenny Dillon, a bhfuil cáil uirthi go háitiúil mar sheinnteoir fidil traidisiúnta.

Tá clár lán d’imeachtaí againn i sceideal na féile atá ar fáil ar ár shuíomh ghréasáin agus i gclár na fáilte chomh maith. Ba dheas linn go léifeadh sibh é nuair a bheidh deis agaibh.

Eagraíonn Sult na Sollán go leor imeachtaí teanga agus ceoil le linn na bliana. Eagraímid ranganna Gaeilge do dhaoine fásta, turais do theaghlaigh, imeachtaí Gaeilge agus bricfeasta seachtainiúil as Gaeilge.

Ar á ngrúpaí ceoil tá Sult Óg (ár ngrúpa sóisearach), Sult, Fonn Nua agus Spraoi. Chomh maith leis sin eagraímid seisiúin amhránaíochta d’amhránaithe áitiúla. Tá fáil ar mhioneolas ina dtaobh ar ár shuíomh ghréasáin agus i gclár na féile.

Táimid ag súil le casadh oraibh am éigin thar an deireadh seachtaine.


Le dea mhéin,

Dee O’Connor

Cathaoirleach


English