Deireadh Fómhair 2020

Focal ón gCathaoirleach


Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur romhaibh ar fad ag Féile na Sollán 2020. Is ócáid neamhghnách é i mbliana agus ba dhúshlán ar ár gcoiste féile thraidisiúnta, cultúrtha agus ceoil a reáchtáil.

De bharr Covid 19, ní raibh muid in ann ár ngnáth taispeántais beo a chur i láthair. Ina áit sin, chuir an coiste físeán le chéile ina bhfuil cuid de na ceoltóirí áitiúla a bhíonn ag seinm ins na tithe tábhairne áitiúla ag glacadh páirt – idir an Railway Inn sna Sollán; Fletchers i Nás na Ríogh agus The Kilteel Inn.


Sa bhfíseán seo, feictear Féilim Mac Donnacha ar an bpianó cairdín agus Pat Domican, ar an ngiotár, ag seinm cheithre phort. Tá Bryan O Connell ag seinm fonn mall agus dhá phort ar na píoba beaga. Ansin seinneann muintir Sexton “The Mist Covered Mountains” agus “The Walls of Lisscarroll”. Seinneann ár ngrúpa áitiúil “Sult” cúpla port traidisiúnta eile agus casann Nuala Mac Lochlainn “An Cúlfhionn”- agus chuir Barra Mc Goff an ócáid ar fad i láthair go dá theangach.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gCoiste ar fad – as a gcuid obair chrua, freastal ar iomaí cruinniú Zoom agus ar ndóigh leis na ceoltóirí. Mo bhuíochas freisin le Ger Loughran ó Bargrtrip.ie a chur ceann dá chuid báirsí iontacha ar fáil dúinn.


Tá súil agam go mbainfidh sibh ar fad taitneamh as Físeán na Féile. Fanaigí slán agus buailfimid le chéile le haghaidh seisiún beo go luath agus ag Féile na Sollán 2021.


Bígí Slán

Tony Gavin




English   Féile na Sollán - Sallins TradFest

Fáilte go Féile na Sollán 2020, an t-ochtú uair a mbeidh an fhéile ar bun againn i gCo. Chill Dara! Tá an-áthas ar Shult na Sollán, go mbeidh an fhéile linn arís ach ní mar a bhíonn de ghnáth. De bharr Covid19, ní raibh an rogha againn teacht le chéile mar phobal i mbliana cosúil le blianta beaga anuas. Ach níor sé stop linn - d’éirigh linn tabhairt faoi i slí eile - trí fhíseán speisialta a thaifead chun tallann an cheantair a chéiliúradh...

 Change to English language version of website

Cuireann Barra McGoff an fhíséan speisialta seo i láthair chun Féile na Sollán 2020 a chéiliúradh

Tá cuid poirt agus amhráin anseo ó cheoltóirí na Sollán, An Chill agus Nás na Ríogh le haghaidh Féile na Sollán 2020.

- Féilim Mac Donnacha/Piano Accordion and Pat Domican/Guitar play four jigs. Robin's Fancy, Fisherman's Lilt, Patsy Geary's and Tiocfaidh me abhaile thu.

- Bryan O'Connell/Small Pipes plays slow air. Hector the Hero and two jigs, The Lark in the Morning and Jig of Slurs.

- The Sextons from Sult Og , James Sexton/Button Accordion, Roisin Sexton/Concertina and Conor Sexton/Fiddle play two jigs.

- The Mist Covered Mountains and The Walls of Lisscarroll. Sult, Jess Sloane/Fiddle, James Sexton, Accordion, Tony Gavin/Banjo, Brendan Slaughter/Guitar and Dee O'Connor, Fiddle play two jigs.

The Road to Lisdoonvarna and This is My Love, Do You Like Her. Nuala Mac Lochlainn sings An Culann.