Janine Redmond

- Bosca Ceoil


Tá Janine Redmond, ar as Baile Átha Cliath di, ar dhuine de na seinnteoirí cairdín cnaipí is fuinniúla in Éirinn.  Agus í á hoiliúint ag John Regan, a rugadh i Sligeach, agus ag an bhfliúiteadóir mór-cháil, June McCormack, bhuaigh sí teidil iomadúla Uile-Éireann mar sheinnteoir aonair cairdín agus mileoidin araon.

Tar éis di céim a bhaint amach sa Ghaeilge is sa Cheol i gColáiste Oideachais N. Pádraig chothaigh sí nós méith traidisiúnta agus í faoi thionchar uaisle ceoil dála Joe Burke.   Thaisteal Janine go forleathan trí Mheiriceá, an Laitvia, an tSín, an tSeapáin, an Pholainn, an Fhrainc agus an Astráil.  Sheinn sí leis an ngrúpa ceoil is rince mórcháil, Brú Ború, i gCaiseal, Co. Thiobraid Árann, agus ba ghné-oirfideach í ar chlár Bloom of Youth ag RTÉ i 2008.