Deireadh Fómhair 2020
Bíonn seisiúin ceoil againn sna Solláin gach aon mhí, chomh maith le seisiúin breise ag ócáidí speisialta i rith na bliana. Tá ceithre ghrúpa cheoil lonnaithe i mbaile na Sollán - is iad sin Spraoi, Fonn Nua, Sult agus ár ngrúpa don aosóg - Sult Óg.
Seisiúin oscailte - An Tríú Aoine de gach mí. Bíonn fáilte roimh cheoltóirí agus amhránaithe eile i gcónaí.
Bíonn seisiún mall le ceoltóirí Spraoi gach Céadaoin, idir 8.30 - 9.30.
Bíonn na seisiúin ar siúl sa Railway Inn de ghnáth
- cláraigh dár nuachtlitir míosúil ag www.sultnasollan.ie
- coinnigh súil ar www.facebook.com/sultnasollan
Gach maidin Shathairn, buaileann daoine, idir óg agus aosta, le chéile i mbialann i mórcheantar Nás na Ríogh chun Gaeilge a labhairt. Bíonn comhrá is comhluadar den scoth ann - bíonn fáilte roimh dhaoine nua i gcónaí. Buail isteach - beidh fáilte romhat!!
Reáchtálann Sult na Sollán dhá théarma de ranganna Gaeilge do dhaoine fásta gach bliain i Mí Meán Fomhair & i Mí Eanáir. Bíonn na ranganna ar siúl tráthnóna Dé Céadaoin, idir 8 - 9.00i.n. san ionad pobail Mhóin Réad.
Glac ballraíocht i Sult na Sollán
Is é Mí Deireadh Fomhair buaicpointe na bliana dúinn nuair a bhíonn Féile na Sollán ar bun. Bíonn ceolchoirm, neart seisiúin ceoil, seisiúin amhránaíochta, ceardlanna ceoil, céilí, comórtas scoile, ceardlanna cultúrtha agus rince ar bun. I measc na n-imeachtaí i nGaeilge bíonn PopUp Gaeltacht, ealaíon & ceardaíocht do pháistí, aoichainteoirí, seó spraoiúil don chlann ar fad, agus scéalaíocht do pháistí óga. Iontach!
Eagraíonn Sult na Sollán imeachtaí speisialta i rith na bliana ina measc ceardlann rince ar an sean nós nó rince céilí go háitiúil sna Solláin nó i Nás na Ríogh. Ar barr sin, bíonn turais trí mheán na Gaeilge, ó ham go chéile, go háiteanna difriúla i gCuige Laighean (Brú na Bóinne, Reilg Glas Naíon, An Graí Náisiúnta, Páirc an Chrócaigh, Priosún Chill Mhaighneann agus go leor eile).
Bhí ról cinnireachta ag coiste Gaeilge Shult na Sollán chun plean teanga don Ghaeilge a fhorbairt do Chontae Chill Dara! Obair uaillmhianach agus dúshlánach atá i gceist leis ach tá comhoibriú le feiceáil cheana féin idir muid féin agus grúpaí eile go bhfuil spéis acu sa teanga inár gceantar féin agus níos faide i gcéin. Léigh an plean agus faigh eolas breise faoin bplean teanga 2019-2023 anseo.
Má tá spéis agat cabhrú linn, bheadh míle fáilte romhat. Cuir nóta chugainn ag gaeilge@sultnasollan.ie
Imeacht nua dár gcuid, bíonn ciorcal amhránaíochta againn sna Solláin ó ham go chéile. Is minic a bhíonn dán ráite chomh maith. Seisiún oscailte a bhíonn ann, de ghnáth ar an gcéad Aoine den mhí.
Bíonn fáilte roimh amhránaithe nua i gcónaí - aon teanga, aon stíl…beidh fáilte romhat.
Bíonn na seisiúin ar siúl thuas staighre sa Bridgewater Inn.
- cláraigh dár nuachtlitir míosúil ag www.sultnasollan.ie
- coinnigh súil ar www.facebook.com/sultnasollan
Tá coiste speisialta ag Sult na Sollán i mbun féile áitiúil a eagrú do Sheachtain na Gaeilge i gceantar na Sollán/Nás na Ríogh.
Bímid ag obair le grúpaí eile sa cheantar go bhfuil spéis acu imeachtaí a eagrú. Bhí breis is fiche imeacht againn i rith Seachtain na Gaeilge 2019 agus bhí an-craic ag na daoine a ghlac páirt iontu.
Má spéis agat cabhrú linn, bheadh míle fáilte romhat. Cuir nóta chugainn ag gaeilge@sultnasollan.ie