3 - 6 Deireadh Fómhair 2019
Beidh seó clainne againn i Scoil Náisiúnta na Sollán nuair a bheidh Mo Cheol an Sorcas ar siúl i halla na scoile.
Seo seó don teaghlach ar fad! Áit ina dtagann an lámhchleasaíocht agus ceol le chéile sa seó nua-chumtha seo le Stephen McGinley. Le cabhair ón lucht féachanna, seinnfidh sé ceol lena uirlisí iontacha. Sa tslí seo, cuirfear taithí nua de phátrúin lámhchleasaíochta ar fáil don lucht féachanna.
Ba chóir go mbainfeadh daoine óga agus daoine nach bhfuil chomh hóg sin ard-taitneamh as an spraoi.
Beidh neart imeachtaí againn do na daoine óga, ina measc ceardaíocht & ealaíon, ceardlann do scileanna sorcais, seó clainne Sorcas Fanzini, scéalaíocht do pháistí óga, toraíocht taisce & neart eile…!
Is ceardlann ceoil í Colourstrings i nGaeilge do pháistí idir 6 mhí go cúig bliana d'aois is a dteaghlach. Tugann na ranganna deis iontach do na tuismitheoirí is na páistí eispéireas dearfach ceoil a fháil trí mheán na Gaeilge.
Foghlaimíonn na páistí amhráin Gaelach is idirnáisiúnta le gluaiseacht is nodaireacht ceoil. Déanann said na bunchéimeanna damhsa traidisiúnta is damhsa éagsúla. Casann said cnaguirlisí agus bíonn an-spraoi acu ag imirt cluichí ceoil.
Ealaíon & céardaíocht againn do pháistí
<8 bl d’aois i Scoil Náisiúnta na Sollán.
Áiteanna teoranta.
Ceardlann Scileanna Sorcais do pháistí 8+ bliana d’aois!
Is cinnte go mbeidh spraoi agus craic ag na páisti ann!
Áiteanna teoranta.
Tuismitheoirí - Fág na páistí faoinár gcúram agus ligí bhur scíth timpeall an chúinne ag an Café Grange. Suígí siar, éistigí le blaiseadh beag cheoil agus bainigí taitneamh as cupán tae nó caifé le píosa cáca milis!
De Sathairn
5/10
11.00r.n. - 12.00i.n.
Dé Sathairn, 5/10
12.00i.n. - 1.00i.n.
€3 an duine
Dé Domhnaigh
6/10
11.15r.n. - 12.15i.n.
Saor isteach
Halla an Paróiste
€2 an duine